Ganntanas le linn an chogaidh, ag smuigleáil earraí. Bean a chuaigh go Doire le éadach a fháil, gúnadóir a bhí inti. B’éigean di an t-éadach a chur uirthi féin faoi a cuid éadaigh féin le é a thabhairt na bhaile.
Bhí plúr dubh acu le arán a dhéanamh. Bhí tae gann fosta, caife is mó a bhí acu. préataí is mó a bhí le hithe acu.
Ní raibh raidió ná teilifís acu, airneán a bhí acu, ag inse scéalta.
Uisce as an tobar a bhí acu le éadach a ní agus é a chur os cionn an tine le é a thriomú. D’fhoghlaim sí féin le arán a dhéanamh.
Bhí saol níos crua acu an t-am sin, tá rudaí i bhfad níos fusa anois.
Bhí arán le déanamh ar maidin agus an tine le coigilt san oíche. Bhí an citeal le bruith ar an tine le tae a dhéanamh. Bhíodh siopaí siúlta acu corr uair ag cuardach tae sna siopaí. | 00:06:47 | |